Is féidir cóip de Fad Saoil a cheannacht anseo. You can buy a copy of Fad Saoil by clicking on the link below. (€15 plus shipping)
Tá na hamhráin ar fad sa gciogal seo tógtha ón gcnuasach filíochta Fad Saoil, le Joe Steve Ó Neachtain. Chum mé an ceol i 2017 agus le cúnamh ó Dheirdre Nic Chonaonaigh bhunaigh mé féin agus Aisling Ní Neachtain Cór Óige Chois Fharraige in Aibreán 2018 chun an ciogal a fhoghlaim. Tháinig muid le chéile chuile choicís chun oibriú air. An sprioc a bhí againn ná an ciogal a chasadh ag Éigse an Spidéil i mí an Mhárta 2019. De bharr díograis agus talúna na ndaoine óga seo as ceantar Chois Fharraige, in éineacht le Bríd Treasa Ní Ghaoithín as an gCeathrú Rua, d’éirigh linn an aidhm a bhaint amach. Go gairid roimh na hÉigse tháinig Pádraig Ó Dubhghaill agus Luisne Ní Neachtain i gcabhair orainn le tionlacan ceoil a chur leis an hamhráin. Chuaigh an ciogal amhráin go mór i bhfeidhm ar dhaoine oíche na hÉigse agus cheap muid go mba mhór an peaca gan é a thaifead tar éis an méid oibre agus ama a thug chuile dhuine dhó. Mo bhuíochas do thuismitheoirí na bhfonnadóirí óga a thug cead dóibh a bheith páirteach sa togra agus dár ndóigh don laoch é féin, Joe Steve, a bhí agus atá sásta áilleacht agus saibhreas a chuid filíochta a roinnt linn.
Fad Saoil – The Song Cycle
A song cycle is a collection of poems set to music, ordered in a deliberate sequence and thematically linked. It is an attempt to compose music that best expresses the mood and emotional content of a given poem, employing one’s own fund of melody, an understanding of the natural rhythms and nuances of the language and a conviction that the marriage of music and poetry is true nourishment for the soul.
Fad Saoil comprises fourteen poems from a book of poetry of the same name, by Joe Steve Ó Neachtain.
Track Listing
- Fógra & Sonas Saolta
- Sméar Mhullaigh
- Bóthar an Rí
- Lá an Dreoilín
- Briseadh Croí
- Samhlaíocht
- Nádúr na Nollag
- Mallacht Chromaill
- Ar an bhfaraor géar & Siniciúil
- An Bás Beo
- Achainí Seanduine
- Cluiche an tSaoil
- Céad Fáilte Romhat, a Linbh